1. LyricsPond
  2. An Phairc
2008-11-22

An Phairc

Seal do bhí páirc, dob álainn an pháirc In aice mo dhorais go buan Is an gach nua lá d'fhásadh nua bláth Ag cur leis an ghlas-mhuir go suan Suas suas an aer an fhuiseog go soar Ag síor chanadh solais don lá Ó mhaidin go teacht na hoíche faoi bhrat Níor fhoglaim mé dadaigh ach grá D'imigh gach bliain gan bhuaireadh sa pháirc M'óige geal gháireach is suairc Ar thóir na mbeach rua ag bailiú go luath Gach ceann ag eitilt gan bhuairt Éist leis an traén ag feadaíl i gcéin Deifrigh nó caillfimid í O mhaidin go teacht na hoíche faoi bhrat Spórt agus sásamh i m' chroí Féach ar an pháirc Cá bhfuil na crainn is an bláth? Agus féach ar an spéir Cá bhfuil mo chantóir's mo ghrá? Seal do bhí páirc, dob álainn an pháirc In aice mo dhorais go buan Is an gach nua lá d'fhásadh nua bláth Ag cur leis an ghlas-mhuir go suan

Clannad

May 2002

Clannad
  1. Nil De Ina La
  2. Thios Chois Na Tradomh
  3. Brian Borus March
  4. Siobhan Ni Dhuibhir
  5. An Mhaighdean Mara
  6. Liza
  7. Am Toilean Ur
  8. Mrs Mcdermott
  9. Teh Pretty Maid
  10. An Phairc
  11. Harvest Home
  12. Morning Dew
  13. An Bealach Seo Ta Romham